Sunday, August 23, 2009

What will we do from now on without timber?

Early Irish Eco-warriors dear to our hearts:

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad ?
Tá deireadh na gcoillte ar lár
Níl trácht ar Cill Chais ná a teaghlach
Is ní chluinfear a cling go brách
An áit úd ina gcónaíodh an dea bhean
Fuair gradam is meidhir thar mhná
Bhíodh iarlaí a tarraingt thar toinn ann
Is an tAifreann binn á rá

Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann
Na fiolair ag éamh cois cuain
Ní fiú na mbeacha chun saothair
A thabharfadh mil agus céir don slua
Níl ceol binn milis na n-éan ann
Le hamharc an lea ag dul uainn
Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann
O's í a chuirfeadh an saol chun suain

Aicim ar Mhuire is ar Íosa
Go dtaga sí arís chugainn slán
Go mbeidh rince fada ag dul timpeall
Ceol veidhlín is tinte cnámh
Go dtógfar an baile seo ár sínsear
Cill Chais breá arís go hárd
Is go brách nó go dtiocfaidh an díle
Nach bhfeicfear é arís ar lár