Tuesday, February 2, 2010

Inné - La féile Bríde

Anois teacht an earraigh
beidh an lá ag dul chun síneadh,
Is tar éis na féil Bríde
ardóidh mé mo sheol.
Ó chuir mé I mo cheann é
ní stoppaigh me choíche
Go seasfaidh mé síos
i lár Chondae Mhaigh Eo.

I gClár Chlainne Mhuiris
A bheas mé an chéad oíche,
Is I mballa taobh thíos de
A thosóg mé ag ól
Go Coillte Mách rachad
Go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogas dhá mhíle
Do Bhéal an Átha Mhóir.

Fágaim le huacht é
go n-éiríonn mo chroí-se
Mar a éiríonn an ghaoth
nó mar a scaipeann an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara
nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach an Mhíle
Nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Cill Aodáin an baile
a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann
is caor de gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh
i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom
is bheinn arís óg.

Bíonn cruithneacht is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcraobh ann,
arán plúir agus feoil,
Lucht déanta poitín
gan licence á dhíol ann,
Móruaisle na tíre ann
ag imirt is ag ól.

Tá cur agus treabhadh
is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann
nár labhair me go fóill,
Áitheanna is muilte
ag obair gan scíth ann,
Deamhan caint ar phingin cíosa
ná dada dá shórt.